Access Keys:

 
 
Scoil Mhuire Knockavilla / Knockavilla National School, Tipperary

Lá Ghlas 2019

20th Mar 2019

Mar is ghnáth i Scoil Mhuire, cuireadh béim an mhór ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana arís. Bhí ceolchoirm eagraithe sa halla don scoil ar fad ar ár 'Lá Ghlas' agus bhain gach duine an taitneamh as na himeachtaí a bhí ar siúl ann.
D'inis Rang a Cúig agus Rang a Sé scéal faoi Naomh Pádraig do na daltaí as Gaeilge ar dtús. Ansin dúirt siad an dán 'Mise Raifteirí', chan siad an t-amhrán traidisiúnta 'Cill Aodáin' agus sheinn siad véarsa amháin ar an bhfeadóg stáin fiú. Chríochnaigh siad leis an rince 'Ionsaí na hInse'.
Ghlac na hardranganna páirt i Tráth na gCeist sa halla freisin agus i stáisiúin na Gaeilge ar lá eile chomh maith. Bhaineamar an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge 2019!